An Idirbhliain
Transition Year
Transition Year, at Gaelcholáiste Luimnigh is noted nationally as being a resounding success for all of the pupils who participate in the course.
All students choose to apply for Transition Year at Gaelcholáiste Luimnigh, such is the demand for the College’s highly organised and busy TY course. The hard-work ethos of the coordinating Team and the pupils, together with the outstanding support of parents makes TY at GCL a most rewarding experience for our learners.
Féilire Imeachtaí na Bliana / Calendar of the Year’s Activities
Clár na hIdirbhliana
Cuid I
1.1 Réamhrá ón bPríomhoide, Comhordaitheoir na hIdirbhliana agus Comhordaitheoir na gClár
1.2 Scóip, Feidhmiú agus Aidhmeanna an Pholasaí
1.3 Ráiteas Misin & Eiteas an Choláiste
1.4 Foireann na hIdirbhliana: Róil & Dualgais
1.5 Clár Ionduchtaithe na hIdirbhliana
1.6 Féilire na hIdirbhliana
1.7 Amchlár na hIdirbhliana
Cuid II
2.1 Ionduchtú ar Chlár na hIdirbhliana
Taithí Oibre na hIdirbhliana – Treoirlínte do Dhaltaí
2.2 Taithí Tréadchúraim na hIdirbhliana
2.3 Iniúchadh ar Ghairmeacha
2.4 Imeachtaí na hIdirbhliana
2.5 Turais agus Cláir Malartáin na hIdirbhliana
2.6 Teicneolaíocht agus an iPad san Idirbhliain
2.7 Pleanáil Ábhair na hIdirbhliana
Cuid III
3.1 Measúnú san Idirbhliain
3.2 Meastóireacht ar an Idirbhliain
Réamhrá ón bPríomhoide
Cuireann sé gliondar croí orm go bhfuil clár Idirbhliana á chur ar fáil do dhaltaí anseo i nGaelcholáiste Luimnigh. Is mór an tairbhe a bhaineann le clár Idirbhliana Ghaelcholáiste Luimnigh, ach go háirithe, de bharr an cur chuige cuimsitheach agus leathan a bhaineann leis.
Éilítear ar dhaoine óga, go háirithe i sochaí na hÉireann an lae inniu, go mbeidh níos mó scileanna agus buanna ná mar a bhí riamh. Éileofar iad amach rompu sa todhchaí chomh maith.
Beidh todhchaí na hÉireann ag brath go mór ar fhir agus mhná óga a bheidh muiníneach, spreagtha agus thar a bheith tionscnaíoch. Tugtar deis le clár Idirbhliana GCL an tsolúbthacht dúinn chun clár a dearadh agus a chur i bhfeidhm atá dúshlánach agus indéanta. Freisin, cinntítear leis an gclár go n-ullmhaítear daltaí mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha agus féinspreagtha don dá bhliain Ardteiste amach rompu, agus go mbeidís oscailte do réimse leathan modheolaíochtaí agus d’fhoghlaim ó thaithí.
Chuireamar tús leis an ullmhúcháin agus leis an bpleanáil do Chlár Idirbhliana Ghaelcholáiste Luimnigh chomh fada siar le 2007. Cuirtear go mór leis an gclár leis an saineolas agus an taithí atá ag foireann agus leis an taithí atá ag múinteoirí a bhí ar foirne Idirbhliana i scoileanna eile roimhe seo. Cuireadh go mór le forbairt an chláir nuair a cheapadh an tUas. Ó Raghallaigh mar Chomhordaitheoir na hIdirbhliana. Ón taithí atá agam a bheith ag bualadh leis i gcruinnithe seachtainiúla, tá a fhios agam go bhfuil sé an-tiomanta chun a chinntiú go mbeidh an clár seo chomh rathúil agus chomh tairbheach agus is féidir do gach uile dalta i nGaelcholáiste Luimnigh.
Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le Comhairle na dTuismitheoirí as a gcuid moltaí maidir le dearadh an chláir. Tá an t-ádh linn i nGaelcholáiste Luimnigh go bhfuil Comhairle Tuismitheoirí
chomh fuinniúil agus chomh díograiseach sin agus go mbíonn fáil uirthi an t-am ar fad chun ábhair a phlé maidir le forbairt an Choláiste seo. Tá ról ríthábhachtach ag Comhairle na dTuismitheoirí i nGaelcholáiste agus beidh an ról chomh tábhachtach céanna acu sa todhchaí.
Thacaigh Bord Bainistíochta Ghaelcholáiste Luimnigh le clár na hIdirbliana agus moladh ‘eiteas físeach agus eiseamláireach chlár na scoile’. Is céim thábhachtach í an tacaíocht atá faighte ón mBord Bainistíochta lena léirítear an luach a chuirtear ar chomhoibriú, chomhordú, fhorbairt agus rath leanúnach Ghaelcholáiste Luimnigh.
Guím ádh mór ar fhoireann na hIdirbhliana agus comhordaitheoirí an chláir ag tabhairt faoi na dúshláin agus faoin taithí amach rompu. Freisin, is mian liom ádh mór a chur in iúl do dhaltaí na Tríú Bliana ar mhaith leo tabhairt faoin gclár an bhliain seo chugainn.
‘Ní Neart gur cur le chéile’
Unity is Strength
______________________________
Réamhrá ó Chomhordaitheoir na gClár
Is mór an onóir é dom a bheith rannpháirteach i gcomhordú Chlár na hIdirbhliana i nGaelcholáiste Luimnigh. Is bliain iontach í an Idirbhliain ina leagtar bunchloch síos don staidéir na hArdteiste. Tá na buntáistí éagsúla a bhaineann le bliain chomh fiúntach leis seo feicthe agam féin mar mhúinteoir agus mar chomhordaitheoir ar chláir Idirbhliana eile.
Leagtar dúshláin intleachtúla síos do dhaltaí ar an gclár Idirbhliana, faightear taithí ar shaol na hoibre, agus cuirtear go mór le forbairt phearsanta, shóisialta agus spioradálta an duine.
Le linn na bliana, nochtaítear daltaí do réimse leathan taithí ar mhaithe le haibíocht a chur chun cinn. Cuirfear feabhas ar scileanna cumarsáide agus féinmhuiníne dá bhárr. Forbróidh daltaí scileanna pearsanta níos fearr agus gheobaidh siad tuiscint níos leithne ar an saol tar éis na scoile. Cuirfear le tuiscint na ndaltaí ar an bpobal ina bhfuil siad agus orthu siúd atá ina gcónaí mórthimpeall orthu tríd an gclár tréadchúraim. Ar an iomlán, forbróidh siad scileanna tábhachtacha nua atá riachtanach sa 21ú aois.
Is í an aidhm atá leis an gclár Idirbhliana ná cothromaíocht a bhaint amach idir staidéar ar chroí-ábhair, ar teangacha agus ar chúrsaí éagsúla eile a dearadh chun cur le smaointe na ndaltaí. Cabhraíonn an Idirbhliain, ach go háirithe, le forbairt iléirime an duine. Is gné tábhachtach de thaithí rathúil san Idirbhliain iad an tacaíocht a thugann tuismitheoirí don chlár chomh maith leis an tiomantas scoile uile. Fáiltímid roimh do chuid smaointe agus aon saghas saineolais a chuirfeadh go mór leis an taithí a bheidh ag do mhac nó d’iníon san Idirbhliain.
‘Mol an óige agus tiocfaidh sí’
‘Praise the youth and they will come’
Áine-Máire Ní Uaithne
Comhordaitheoir na gClár
Programmes Coordinator
Réamhrá ó Chomhordaitheoir na hIdirbhliana
Tá áthas orm a bheith i mo Chomhordaitheoir ar Chlár na hIdirbhliana i nGaelcholáiste Luimnigh. Creidim gur cuid tábhachtach d’fhorbairt an dalta í an Idirbhliain. Feidhmíonn an bhliain mar dhroichead idir an sraith Sóisearach agus Sinsearach agus gné lárnach den chlár é forbairt intleachtúil, shóisialta agus mhothúchánach na ndaltaí. Leagtar amach i dtreoirlínte na Roinne Oideachais maidir le Clár na hIdirbhliana, an misean seo a leanas;
Forbairt phearsanta, shóisialta agus ghairmiúil na ndaltaí a chur chun cinn agus iad a ullmhú mar bhaill neamhspleácha, rannspháirteacha agus freagracha den sochaí.
Tugtar deis leis an Idirbhliain deis chun oideachas leathan agus gineárlta a chur ar fáil. Is í an phríomhghné den chlár ná an úsáid a bhaintear as réimse leathan ócáidí taobh le chleachtas traidisiúnta ranga. Le linn na bliana, tabharfar deiseanna do dhaltaí a saol intleachtúil, samhlaíoch agus mothúchánach a fhorbairt. Gheobhaidh siad taithí luachmhar ag smaoineamh as a stuaim féin, ag déanamh cinntí, ag forbairt scileanna cumarsáide agus ag glacadh le freagrachtaí. Spreagfar daltaí as ról gníomhach a bheith acu ina n-oideachas féin tríd a bheith rannpháirteach sa chlár ar leith atá againn. Spreagfar daltaí a gcumas acadúil agus praiticiúil iomlán a bhaint amach, bunaithe ar fhéinchomórtais seachas i gcomórtas le daoine eile. Cuirfear ócáidí foghlama de gach saghas ar fáil do dhaltaí san Idirbhliain agus spreagfar daltaí a bheith rannpháirteach sna ranganna agus sna gníomhaíochtaí ar fad.
Baintear úsaid as acmhainní agus modheolaíochtaí éagsúla a chabhraíonn le daltaí beart fiúntach a chur i gcrích agus a chuireann ar a gcumas scileanna agus buanna éagsúla a fhorbairt ar mhaithe lena n-aidhmeanna a bhaint amach. Tacaíonn na straitéisí múinteoireachta a úsáidtear le forbairt iomlánaíoch an dalta. Is í an aidhm atá leis an gcur chuige foghlama pearsantaithe seo ná foghlaimeoirí féinstiúrtha a fhorbairt trí fheabhas a chur ar scileanna réitithe fadhbanna, smaointeoireachta anailísí, cruthaitheachta agus reasúnaíochta. Tuigeann an fhoireann múinteoirí fuinniúla anseo i nGaelcholáiste Luimnigh an tábhacht a bhaineann le Clár Idirbhliana a chur ar fáil. Dá bhárr, oibríonn siad thar a bheith díograiseach chun pleanáil a dhéanamh do Chlár na hIdirbhliana agus chun é a chur i bhfeidhm. Táim lánchinnte de gur taithí fiúntach agus luachmhar a bheidh ann do gach dalta i nGaelcholáiste Luimnigh.
Daithí Ó Géanaí
Comhordaitheoir
Coordinator
Polasaí
Ní mór an polasaí seo a léamh i gcomhar leis na nithe seo a leanas:
- Ráiteas Misin an Choláiste
- Eiteas na Scoile
- Fealsúnacht na Scoile
- Polasaí Tréadchúraim
- Polasaí Frithbhulaíochta
- Polasaí Úsáide Inghlactha
- Polasaí Turas Scoile
- Polasaí Sláinte agus Sábháilteachta
Aidhm
Is í an aidhm atá leis an bpolasaí seo ná Plean Scríofa don Idirbhliain a chur ar fáil mar a éiítear ón Roinn Oideachais agus Scileanna agus lena chinntiú go bhfuil polasaí i bhfeidhm ina léirítear prionsabail, luachanna agus fealsúnacht oideachais na scoile. Cuid lárnach den aidhm seo ná dul i gcomhairle le gach ball de phobal na scoile chun polasaí don Idirbhliain a cheapadh agus athbhreithniú a dhéanamh air ar mhaithe le comhpháirtíocht, úinéireacht agus feidhmiú an chláir a chur chun cinn.
- Daltaí a mhealladh chun scileanna saoil a fhorbairt chun iad a ullmhú do shaol na hoibre agus do rannpháirteachas pobail sa todhchaí.
- Go bhfaighidh daltaí blas de bhliain ina bhfuil béim ar fhreagracht phearsanta agus ar smaointeoireacht chruthaitheach, mhuiníneach, deisbhéalach.
- Cuir ar chumas na ndaltaí foghlaim go neamhspleách i mbealach féindírithe agus a bheith feasach ar a gcuid riachtanais oideachasúla.
- Deiseanna a chur ar fáil do dhaltaí a dtaithí oideachasúil a leathnú lasmuigh den seomra ranga laistigh de thimpeallacht shábháilte oibre.
- Forbairt a dhéanamh ar an gcaidreamh idir múinteoirí agus daltaí agus an fhorbairt sin a éascú
- Forbairt iomlánaíoch á ndaltaí a chur chun cinn trí úsáid a bhaint as réimse leathan modheolaíochtaí agus straitéisí múinteoireachta agus foghlama.
- Aistriú socair ón Teastas Sóisearach chuig an Ardteist a éascú
Scóip
Baineann an polasaí seo le daltaí na hIdirbhliana i nGaelcholáiste Luimnigh agus leis na himeachtaí scoile ar fad a bhíonn ar siúl taobh istigh d’uaireanta scoile agus lasmuigh dóibh. Baineann sé le daltaí ar an gcampas agus lasmuigh de agus d’aon áit a bhfuil aithint á dhéanamh ar dhaltaí mar dhaltaí Ghaelcholáiste Luimnigh.
Aidhmeanna an Pholasaí
- Is í an aidhm atá leis an bhfealsúntacht taobh thiar d’aidhmeanna na hIdirbhliana ná an cur chuige iomlánaíoch san oideachas a chur chun cinn ar mhaithe le haibíocht agus foghlaim féindírithe a bhaint amach.
- Daltaí a spreagadh chun meas a bheith acu dóibh féin, do thuismitheoirí/caomhnóirí, do chairde, do mhúinteoirí, d’áiseanna na scoile agus don phobal go ginéarálta.
- Cabhair a thabhairt do dhaltaí a bheith cruthaitheach agus fiosrach agus iad féin a fhorbairt mar fhoghlaimeoirí neamhspleácha.
- Pátrún do shaol an duine fásta a leagan síos, ionas go mbeidh daltaí ábalta dul i ngleic níos éasca le nithe ar nós poncúlacht, comhoibriú, feidhmiú agus a bheith bródúil as a gcuid éachtaí.
- Cabhair a thabhairt do dhaltaí caighdeáin mhorálta ar nós freagracht agus macántacht a fhorbairt, a bheith freagrach asainn féin agus as an sochaí, agus go mbedh tuiscint ag an dalta ar chód smachta a leanúint cosuil le gach duine eile.
- Tugtar faoi na himeachtaí ar fad san Idirbhliain i nGaelcholáiste Luimnigh “in atmaisféar ina bhfuil béim ar mheas, thuiscint agus spreagadh idir gach duine a mhúineann, a oibríonn agus a fhoghlaimíonn sa Choláiste”.
AN IDIRBHLIAIN
BLIAIN DIFRIÚIL FOGHLAMA
Scileanna nua á fhorbairt
Éagsúlacht Straitéisí Múinteoireachta
Fiontar agus Tionsnaíocht
Féin-fhoghlaim
Naisc idir an Scoil agus an Pobal Áitiúil
Meastóireacht Inmheánach
Scileanna Foirne
Foghlaimdhírithe seachas béim ar Scrúdaithe
Blas de Shaol an Duine Fhásta agus Shaol na hOibre
Teastas Scoilbhunaithe
Obair Tionscnaimh
Spreagadh Intreach á chur chun cinn
Ag foghlaim conas cumarsáid a dhéanamh le daoine eile
Clár Éagsúil Aonbhliana
Oideachas ar Aibíocht
Cumais Sóisialta Feabhsaithe Tionscnaimh Samplacha
Taithí Oibre
Scileanna Staidéir
Breis Spreagadh
Foghlaim ó Thaithí
Modúil Ghearra
Foghlaimeoirí Neamhspleácha Dúshlánach go hAcadúil
Níos feasaí maidir le Roghanna
Foirmeacha Measúnaithe Éagsúla
Forbairt Phearsanta
Foghlaim Idirdhisciplíneach
Féinmhuinín á Féabhsú
Stíleanna Foghlama Difriúla
Ag Freastal ar Iléirimí
Foghlaim Bunaithe ar Ghníomhaíocht
Turais
Teangacha
Scileanna (Fraincise/Spáinnise)
Cuairt ar Ionad Tríú-Leibhéil
Foireann na hIdirbhliana
- Kevin Ó Raghallaigh
- Sinéad Ní Chiardha
- Daithí Ó Géanaí
- Áine Máire Ní Uaithne
- Clodagh de Bhailís
- John de Buitléir
- Tomás Óg Ó Céilleachair
- James Blackwell
An Fhoireann Comhordaithe – Róil agus Dualgais
Ról | Ball den Fhoireann | Dualgais |
Príomhoide | Kevin Ó Raghallaigh | Freagracht iomlán as Clár na hIdirbhliana |
Comhordaitheoir na gClár | Áine-Máire Ní Uaithne | Seirbhís Treoir a sholáthar do scoláirí |
Comhordaitheoir na hIdirbhliana | Daithí Ó Geanaí | Pleanáil, cur i bhfeidhm agus comhordú Chlár na hIdirbhliana |
Measúnú & Monatóireacht | All Teachers of Transition Year. | Measúnú ar Phunanna Idirbhliana
Scrúdaithe ar ábhair le grádú Agallaimh ó bhéal chun foghlaim agus dul chun cinn a thomhas |
Comhordaitheori na n-Imeachtaí | Daithí Ó Geanaí | Imeachtaí seachtainiúla le heagrú |
Comhordaitheoir Taithí Oibre | Áine Máire Ní Uaithne | Taithí Oibre Feiliúnach
Tuairisc ar Thaithí Oibre Idirghabháil le fostóirí Meastóireacht chriticiúil ar thaithí Anáilís ar mholtaí le haghaidh cúrsaí/réimsí staidéir sa todhchaí |
Stiúrthóir Tréadchúraim | Áine Máire Ní Uaithne | Comhordú an Chláir Tréadchúraim |
Cláir Malartáin | Daithí Ó Geanaí | Dul i gComhairle le scoileanna comhpháirtíochta |
Stiúrthóir Gaisce | James Blackwell | Comhordú a dhéanamh ar imeachtaí Gaisce, turais, teastais a eagrú, dul i gcomhairle le hOifig Ghaisce |
Stiúrthóir Drámaíochta | Tomás Óg Ó Céilleachair | Scríbhneoir, Stiúrthóir, Léiritheoir Dhráma na hIdirbhliana, comhordú imeachtaí dramaíochta |