An Teastas Sóisearach Nua ag Gaelcholáiste Luimnigh
Tá áthas ar Ghaelcholáiste Luimnigh a fhógairt go mbeidh tús á chur leis an dTeastas Sóisearach nua agus a chlár féin de churaclam á sholáthar do dhaltaí ó Mheán Fómhair 2014 ar aghaidh.
Déanfaidh daltaí staidéar ar naoi (9) n-ábhar agus gear chúrsa amháin (1) le linn an chúrsa (trí bhliain).
Bainfidh daltaí triail as rogha de ghearr chúrsaí sa chéad bhliain agus roghnóidh siad an ceann is fear leo ag deireadh na Céad Bliana.
Déanfaidh daltaí staidéar ar Ghaeilge, Mata, Béarla, Eolaíocht, Stair, Tíreolas, Fraincis nó Spáinnis agus dhá ábhar roghnach eile.
Cúrsa Shóisearach Nua
Tá Gaelcholáiste Luimnigh ag iarraidh cúrsa staidéar a sholáthar do dhaltaí a chuirfidh ar a gcumas naoi n-ábhar agus gearr chúrsa amháin a leanúint i gcomhair teastasaithe.
D’fhéadfadh an soláthar seo a bheith difriúil ón soláthar a bheidh ar fáil ó scoileanna eile ach de réir na próifíle scoile a bhfuil sé seo bunaithe toisc gur scoil acadúil í Gaelcholáiste Luimnigh.
Tá Gaelcholáiste Luimnigh tiomanta a dhaingniú go mbeidh clár cuimsitheach agus leathan d’ábhair clúduithe ag daltaí ag an leibhéal Shóisearach i dtreo is go mbeidh said réidh don tSraith Sinearach agus go mbeidh siad muiníneach as an gcaighdeán atá bainte amach acu sa Sraith Shóisearach.