Proinnsias de Priondargást

Proinnsias_2014

Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dó

 I measc na Naomh go raibh sé

Leabhar don Aifreann – Luan 23 Feabhra 2015

 

Proinnsias de Priondargást
Frank Prendergast

13 Iúil 1933 – 19 Feabra 2015

This slideshow requires JavaScript.

Proinsias de Priondargást – Beathaisnéis

Íocón de chuid chathair Luimnigh í Páirc Thuamhumhan.  Ó cuireadh an smais mhór le gairid uirthi pé treo as a dtriallann tú fáiltíonn sí romhat.  Tá forlámhas faighte ag a dhá stua mhóra ar chuile shainchomhartha eile, stuaic na hArd-Eaglaise nó stuaic shéipéal Ord an tSlánaitheora san áireamh.

Is í Páirc Thuamhumhan dúnfort an rugbaí i gCúige Mumhan.  Cé go bhfaightear cúnamh ó chontaetha eile ní dóigh liom gur áibhéil a rá gur le Luimneach a shamhlaítear foireann rugbaí na Mumhan.  Luimneach, an Nua-Shéalainn, agus an Bhreatain Bheag, cén áit is daonlathaí rugbaí ná iad sin?  Agus cé as ar eascair an ‘Garraí Eoin’, an tsainchic iomráiteach a chleachtaítear anois ar fud an domhain?  As Garraí Eoin Luimnigh, ar ndóigh!

Agus cé as ar eascair Proinsias de Priondargást, duine de phríomhphearsana Luimnigh le leathchéad bliain anuas?  As paróiste Gharraí Eoin!  Is ansin a rugadh agus a tógadh é.  Agus, ar ámharaí an tsaoil, cónaí anois air i gCloch an Mhéara le hais Pháirc Thuamhumhan.  Gan idir é is í ach an bóthar mór.  Chuile lá beo dá shaol, chuile mhaidin, chuile thráthnóna, féadfaidh Proinsias breathnú amach ar an bPáirc chaithréimeach seo agus éisteacht lena glórtha!

Báicéir ba dh’ea Proinsias i dtús a shaoil, ar ghairm í sin a chleacht a mhuintir roimhe.  Idir 1967-1970 d’fheidhmigh sé mar Uachtarán Ginearálta ar Chumann Báicéirí agus Milseánacha na hÉireann.  Ach bhí an ceardchumannachas ar na paisin ba mhó a spreag é agus chaith sé ionann’s scór blianta, 1973-1990, ina oifigeach sinsearach lánaimseartha de chuid an ITGWU i Luimneach, i gCo. an Chláir agus i gCo. Thiobraid Árann; agus le SIPTU idir 1990-1993.

Ar ndóigh más ceardchumannach thú is é is dóichí gur polaiteoir thú agus bhí Proinsias de Priondargást mar bhall de Bhardas Luimnigh ó 1974-1999 thar cheann an Lucht Oibre; agus mar Theachta Dála de chuid an pháirtí chéanna idir 1982-1987 le haghaidh Dháilcheantar Luimnigh Thoir.

Onóir mhór ag duine go gceapfaí é ina mhéara ar a chathair dhúchais.  Ceapadh Proinnsias de Priondargást faoi dhó ina mhéara ar Luimneach.  Bíonn dualgaisí móra is miona ar mhéara, bítear ag éileamh seo siúd is eile air, agus ní féidir chuile thrá a fhreastal ach le linn a thréimhsí mar chéad fhear rinne Proinsias chuile iarracht oiread tránna a fhreastal is a d’fhéadfadh sé, ní de bharr uabhair d’fhonn is go dtógfaí a ghrianghraf le haghaidh páipéir nuaíochta, ach d’fhonn caitheamh chomh cóir is a d’fhéadfadh sé le hócáid, agus le aitheantas a thabhairt do phé obair a bhí á ceiliúradh.

Bhí an Ghaeilge mar phaisean mór eile ina chrioslaigh aige.  Mar a déarfadh sé féin tógadh agus oileadh é i dtraidisiún saibhir na Gaeilge i Luimneach agus ina bólaí máguaird.  Is fada é bainteach le Conradh na Gaeilge agus ina bhall de líon mór coistí a thacaíonn leis an nGaeilge.  Tá ceist na logainmneacha an-ghar dá chroí agus tá toradh na spéise sin á chur i mbláth aige le coiste a chinntíonn logainmneacha i nGaeilge a bheith ar oiread eastát nua is is féidir sa gcathair.

Ar feadh tréimhse fada bhreac Proinsias colún seachtainiúil i nGaeilge don Limerick Leader agus ó 1992-1996 don nuachtán náisiúnta Anois.  B’áibhéileach a raibh d’ábhair faoi thrácht aige.  Tá bunáite na n-altanna údaí cnuasaithe agus le léamh ina leabhar Dála an Scéil a d’fhoilsigh Coiscéim, 2003.

Ainneoin baint a bheith aige le hoiread seo gluaiseachtaí is daoine i rith a shaoil ní móide oiread is námhaid amháin ag Proinsias de Priondargást.  Óir is fear umhal é, móraigeanta, tuisceanach, ionraice, a sheasann i gcónaí leis an gcosmhuintir ar díobh é.  Tuigeann sé nach lúide an trócaire í a roinnt agus, dá bhrí sin, bíonn an moladh agus an gríosadh ar na clocha is mó ar a phaidrín.  Is minic ráite é go raibh sé ar an méara ba shoilíosaí ar an gcathair.

Pádraic Breathnach, Scríbhneoir agus Iar Léachtóir, Coláiste Mhuire Gan Smál

Proinnsias de Priondargást, M.A.

A Chúrsaí Bheatha

Rugadh ar Phroinnsias 13 Iúil 1933 i Luimneach.  Bhí sé pósta do Mary Sydenham agus tá beirt mac agus beirt iníon acu.

D’fhreastail Proinnsias ar an Mhodhscoil, Ascaill Uí Chonaill, Luimneach, Scoil na mBráithre  Críostaí, Luimneach, Coláiste na h-Ollscoile, Corcaigh, Ollscoil Keele ( M.D i gcaidreamh Tionsclaíochta)

Gairm

Ba Luimníoch é Proinnsias de Priondargást le réim fairsing caite aige i gcúrsaí poiblí na Cathrach ársa úd agus Réigiún an Mheán- Iarthair i gcoitinne.  Dob iad an Ghaeilge agus an Ceard Cumannachas is mó a spreag é i rith a shaoil riamh.  Lean sé céard traidisiúnta a mhuintir mar bháicéir ar dtús, ach chas sé go luath i dtreo an Cheard Chumannachais mar ba dhual dó, ón dá thaobh dá chlann.

Bhí sé ina Uachtarán Ginearálta ar Chumann Báicéirí agus Milseánaithe na h-Éireann ó 1967-‘70 agus chaith sé fiche bliain mar Oifigeach Sinsearach lán-aimseartha den ITGWU i Luimneach, an Chláir agus i dTiobraid Árann ó 1973 go 1990 agus thar cheann SIPTU ó 1990 go 1993.

Oileadh le Gaeilge ag Modhscoil Luimnigh agus na Bráithre Críostaí é i scoil Sráid Sheasnáin ann.  Tá leabhair agus altanna scríofa aige i nGaeilge agus Béarla ar chúrsaí staire áitiúla Logainmneacha  agus araile.

Bhí sé ina bhall de chomhairle Theilifís na Gaeilge ó 1994-2000 agus freisin mar bhall de ghobharnóirí den Scoil Léinn Cheiltigh, Institiúid an Ard-Léinn, Baile Átha Cliath ó 1996-2000. Faoi láthar tá sé ina bhall den gCoimisiúin Logainmneacha ó 1997 i leith.

Bhí  sé ina bhall tofa de Bhardas Luimnigh ó 1974-1999. Bhí sé ina Mhaor ar Chathair Luimnigh i 1977-78, 1984-85.

Ba Theachta Dála é do Dháilcheantair Luimnigh Thoir, ó 1982 go 1987.

Foclóir don Bheathaisnéis Idirnáisiúnta

The following account is published in the ‘Dictionary of International Biography’

PRENDERGAST Francis Joseph (Frank), b. 13 July 1933, Ireland. Retired. m. Mary Sydenham, 3 sons, 1 deceased, 3 daughters, 1 deceased. Education: Christian Brothers School, Limerick; Diploma, Social and Economic Science, University College, Cork, Ireland; MA, Industrial Relations, Kelee University, England.

Appointments; Baker, Keane’s Bakery, Limerick, 1950-’73; General President, Irish Bakers and Confectioners and Allied workers union, 1967-’70; Branch Secretary, ITGW. Shannon, Clare County Branches, 1973-’77; Regional Secretary. ITGWU, Limerick, Clare 1977-’82; Head Office Representative, ITGWU. Clare County, Limerick No.2 Branches, 1987-’88; District Secretary, SIPTU, Limerick, 1990-’93; Member, Board of Management, Crescent College Comprehensive SJ, 1973-’91; Member, Governing Body, University of Limerick, 1974-‘79’ President, Christian Brothers School Past Pupils Union, Limerick, 1995-’99; Member, Limerick City Council 1974-’99; Mayor of Limerick 1977-’78. 1984-’85; Dáil Éireann (Irish Parliament), Labour party TD (Member of Parliament), Limerick East Constituency, 1982-’87; Vice President, Bureau of Consultative Council for Regional and Local Authorities Europe, 1990-’94; Alternate Member, Committee of Regions, European Union, 1994-’98; Chairman, Assembly of Regional Authorities, Ireland, 1995-’96; Chairman, General Council of County Councils, Ireland, 1996-’97; Chairman, Mid-West Regional Authority, Ireland 1995-’96; Member, Irish Language Steering Group, Department of Local Government and Environment, Ireland, 1984-’99; Member, Irish Language Television Council, 1994-2000; Member, Governing Body, School of Celtic Studies, Dublin Institute of Advanced  Studies, Dublin, 1996-2000; Member, Irish Place Names Commission, 1997-; Member, Executive Trust, Hunt Museum, Limerick 2000-; Member Irish Parliament Trust, 1985-; Chairman, Board of Management, Árd Scoil Rís Christian Brothers School, Limerick, 2003-2006; Cathaoirleach, Gaelcholáiste Luimnigh, 2006-; Publications: History of St Michael’s Parish, Limerick, 2000; Limericks Glory: From Viking Settlement to the New Millennium (co-author), 2002; Articles in Remembering Limerick – Historical Essay’s, 1997, North Munster Antiquarian Journal, Old Limerick Journal, AMDG Publications, Ireland, Made in Limerick – Historical Essays, 2003; Dála an Scéil, a book of published newspaper articles in Irish, 2003, Weekly column in Irish for the Anois and Limerick Leader newspaper. Memberships; Garryowen Football Club, Voices of Limerick Choir; Thomond Archaeological Society; Limerick Thomond Probus Club. Address: ‘Avondonn’, Cratloe road, Mayorstone Park, Limerick, Ireland.

Oráid a thug Proinnsias ag an Oscailt Oifigiúil de Leabharlann Chuimhneacháin Phroinséas de Priondargást / The Frank Prendergast Memorial Library

Oscailte go hoifigiúil ag An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Pat Carey, T.D.ar an Aoine 11 Aibreán 2010.

Caithfhead a admháil go rabhas go mór trína chéile, nuair a moladh go mbronnfaí an gradam oll-mhór seo orm, sé sin, Leabharlann Ghaelcholáiste a thiomnú dhom.

Mar dáiríre, cosúil le formhór mhór den t-saol Fodhlach, is ar bhonn deónach a mbimíd gafa le cúis agus oidhreacht na Gaeilge agus gan a bheith ag súil riamh le gradam dá leithéid seo.

Ach, é sin ráite, tá mé oll-bhuíoch díbh siúd uile, in bhúr nduine agus in bhúr nduine a bhí páirteach in imeachtaí an lae inniu, ag Comhairle na dTuismitheoirí; an Fhoireann, an Bhórd Bainistíochta ach thar aon duine eile, ár bPríomh-Oide dothraochta, fial, flaithiúlach, aislingeach, Donncha O’Treasaigh, ró-uasal, mar is dual dó.

Chomh maith libh uile, áfach, tá buíochas ó chroí tuillte freisin ag na daoine fiala a chabhraigh linn idir deontaisí leabhar agus airgid, ar nós, Choiste Ghairmoideachais na Cathrach na díoltóirí leabhair agus cáirde uile an Ghaelcholáiste.

Ina dteannta san, Múinteoir Ealaíona an Choláiste, an Mháistreás Fionnuala Ní Choighligh a dhein an phortráid diom fhéin, an t-údar cáiliúil agus iar-léachtóir le Gaeilge i gColáiste Oillúna Mhuire gan Smál, Pádraig Uasal Breathnach faoin giota álainn milisbhriathar a scríobh sé fúm agus ár bhfile-Séiplineach, an Canónach Urramach Micheál De Liostún faoin dhán álainn ceiliúrach a chum sé don ócáid.

Is éachtach ar fad liom bhúr gcineáltacht agus bhúr gcáirdeas’ gura fada buan sibh uile! An chúis átháis agus mhórtais is mó dhom, dáirire, ná dul chun chinn súntasach an Ghaelcholáiste fhéin go bhfuilimíd go léir chomh bhródúil san aisti. Go maire sé an chéad! Léiríonn an taighde soisíalta is úra dúinn ó Ollscoil Ulaidh agus Ollscoil Luimnigh gurb iad lucht labhartha na Gaeilge an dream is fearr as ó thaobh staidis shoisíalta agus tuarastail de anois. Léiríonn an taighde gairmiúil chéanna gurb iad na Gaelscoileanna agus na Gaelcholáistí is mó chúis leis seo.

Uime sin áfach is cúis áthais faoi leith dúinn fáilte Uí Cheallaigh a fhearadh ar mo shean-chara, an Dochtúir Helen Ó Murchú; Luimníoch go smior í, gur as Rath Chaola í ó dhúchas. Tá sí ina crann-taca diongbhálta don ngluaiseacht oideachais Ghaeilge sa tír seo agus chomh maith leis sin áfach, do ghluaiseacht Mion-Teangacha Labharta na h-Eorpa, i bhfocair a céile an t-Ollamh Mártín ó Murchú, Ciarraíoch Beannuithe. Táid araon aitheannta go h-idirnáisiúnta mar scoláirí Gaeilge den scoth.  Is cúis áthais ar leith dúinn bhúr mbeith anseo linn inniú; nár laga Mac Dé sibh.

Ní mór dúin freisin fáilte ó chroí a ghabháil len ár bpríomh – aoi, an t-Aire Gnóthaí  Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, múinteoir agus Ciarraíoch Beannaithe eile an Teachta Dála, Pat Carey. Is mór ar fad againn é tú a bheith in ár measc a Aire; gura fada buan tú.

Is leabharbhách cruithithe mise dár ndó ar feadh mo shaoil uile. Ní dóigh liom dá bhrí sin go bhféadfaí gradam níos ansa a bhronnadh orm ná leabharlann a thiomnú dom mar atá beartaithe agaibh anois annseo. Go mór –mhór fós nuair a bheidh sé mar fhoinse agus achmhainn léinn do dhaltaí an Gaelcholáiste iontach seo atá suite i ngiorracht fuaime caise na h-Abhann stairiúla seo. Abha na Mainistreach im chathair álainn dhúchais fhéín. Nach aoibhinn an smaoineamh solásach álainn úd.

Uime sin thar mo cheann fhéin agus mo chlann uile gúim rath Dé oraibh uile agus orthu siúd a ngabhfaidh tríd an áit bheannaithe seo sna tóchtaí.