Tá suaitheantas so-aitheanta, soiléir, nua-aimseartha ceaptha do Ghaelcholáiste Luimnigh. Tá cruth na scéithe ar an suaitheantas le ceithre cheathrú ar leith ann a bhuaileann le chéile ag an gcrosaire.
Seasann an crosaire don láthair ina gcastar na daoine ar a chéile le tuairmí is taithí is gnóthaí an tsaoil a roinnt lena chéile. Is siombal an crosaire chomh maith d’ionad lárnach ina gcastar cúlraí éagsúla ar a chéile mar atá i nGaelcholáiste Luimnigh. Tá Cathair Luimnigh féin lán de chrosairí dála an chrosaire seo ar ár suaitheantas.
Is siombal an ceathramhach mór gorm d’Inbhear maorga na Sionnaine agus a thionchar ar an gcathair agus ar an gceantar máguaird. Tagraíonn an dath gorm freisin don nasc leis an Aontas Eorpach, cúrsaí oideachais, tréithiúlacht agus seasmhacht.
Tagraíonn an dath glas d’Éire, agus do theanga fheidhmiúil na scoile ─ An Ghaeilge, chomh maith le fás is buanseasmhacht.
Seasann an dath dearg do phaisean, dóchas agus dearfacht, tréithe uile a chothófar i bpobal foghlama Ghaelcholáiste Luimnigh.
Is ionann an dath dubh agus leanúnachas agus sofaisticiúlacht.
Cuireann an dath bán ar an gcrosaire maitheas, foirfeacht agus breithiúnas cóir in iúl.
Is mana cuí é “Ag forbairt le chéile” do Ghaelcholáiste Luimnigh mar go n-aithníonn sé go bhfuil comhphobal an choláiste ag forbairt i bpáirt le chéile ar thóir na foirfeachta.
Tá an cló-éadan nua-aimseartha, glé agus comhlánaíonn sé an suaitheantas go cuí. |