Tuairiscí Foilsithe maidir le Gaelcholáiste Luimnigh
Is féidir leat teacht ar gach tuairisc a fhoilsíonn an Chigireacht i dtaobh Ghaelcholáiste Luimnigh anseo.
- Adhmadóireacht, Graf. Theic. (03/2010) Clic Anseo
- Fraincis (02/2012) Clic Anseo
- Béarla (11/2012) Clic Anseo
- Gaeilge (31/01/2014) Clic Anseo
- Meastóireacht Scoile Uile / BCF (02/05/2014) Clic Anseo
- Measúnú Cláir – An Idirbhliain (23/05/2017) Clic Anseo
- Matamaitic (17/01/2019) Clic Anseo
Foirmeacha Cigireachta
Déanann an Chigireacht cineálacha éagsúla cigireachtaí i scoileanna agus in ionaid oideachais. Táimid ag forbairt cineálacha nua cigireachta agus cuairteanna comhairleacha ar scoileanna freisin.
Is iad na príomhfhoirmeacha cigireachta a úsáidimid faoi láthair:
- Meastóireachtaí Scoile Uile i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna
- Cigireachtaí ar ábhair in iarbhunscoileanna
- Meastóireachtaí ar chláirin iarbhunscoileanna
- Meastóireachtaí ar ionaid oideachais
- Cigireachtaí speisialaithe nó téamacha i scoileanna agus in ionaid oideachais
- Cigireacht ar mhúinteoirí ar promhadh
- Cigireachtaí teagmhasacha (neamhfhógartha) i mbunscoileanna agus in iarbhunscoileanna
Eolas
Caithfidh an Roinn Oideachais agus Scileanna cigireacht a dhéanamh ar gach bunscoil agus iar-bhunscoil stáit in Éirinn ar bhonn rialta. Is í aidhm na cigireachta ná chun cinntiú go gcoinnítear le hardchaighdeáin agus go bhfuil forbairt leanúnach sa chóras oideachais. Tá rannóg speisialta ag an Roinn dar teideal an Fhoireann Chigireachta a oibríonn chun na cuspóirí seo a bhaint amach.
Is é an tAcht Oideachais 1998 an reachtaíocht a leagann síos cúraimí na Foirne Cigireachta. I dtéarmaí ginearálta, déanann an Fhoireann Chigireachta measúnú agus tuairisciú ar chaighdeán an oideachais soláthraithe agus a bhfuil baint aici leis:
- Cigireacht agus measúnú ar an gcóras oideachais (go háirithe ag leibhéal bunscoile agus iar-bhunscoile).
- Comhairle a thabhairt dóibh siúd atá ag obair sa chóras oideachais
- Páirt a ghlacadh i bhforbairt polasaí oideachais.